IRISH CLASSES / RANGANNA GAEILGE in ITBÁC

homepageIrishClasses

CAD É AN GHAEILGE AR ....?

An gá duit snás a chur ar do chuid Gaeilge ná sin cáilíocht a bhaint amach sa teanga? Bain triail as Ranganna Gaeilge, Oifig na Gaeilge an seimeastar seo!

Tá Oifig na Gaeilge ag eagrú Ranganna Gaeilge an fómhair seo agus cuirfear tús leis na ‌anna ar Dé Luain 30 Meán Fómhair do bhaill foirne agus do mhic léinn na hInstitiúide ag am lóin ón 1.15 - 2i.n ag 4 leibhéal éagsúil, i 3 ionad de chuid na hInstitiúide ar feadh 8 seachtaine le tacaíocht ón Aonad Oiliúna agus Forbartha Foirne agus Oifig na Gaeilge.

Dearbhaíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 na dualgais atá ar chomhlachtaí póiblí feabhas a chur ar mhéid agus ar chaighdeán na seirbhisí a soláthraítear trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag na ranganna seo cur le cumas Gaeilge bhaill foirne agus mhic léinn na hInstitiúide. 

Díríonn na ranganna ar leibheíl éagsúla cumais agus tá siad lonnaithe in ionaid éagsúla de chuid na hInstitiúide. Tá siad saor in aisce agus thar a bheith taitneamhach!

Eolas agus Clárú ag: http://dit.ie/oifignagaeilge/rangannagaeilge/

 

Back to Top