Traenáil na gCumann Gaelach agus na nOifigeach Gaeilge, Dé hAoine 11 Deireadh Fómhair, ITBÁC Shráid Aungier

homepageCumannGaelach

Tá ITBÁC ag cur fáilte roimh Chumainn Ghaelacha agus Oifigigh Ghaeilge na gColáistí tríú leibhéal ó fud na tíre chuig seisiún traenála a bheas ar siúl i Java City in ITBÁC, Sráid Aungier tráthnóna Dé hAoine 11 Deireadh Fómhair ón 6.30i.n.

Tá an imeacht traenála náisiúnta seo á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Glór na nGael i gcomhar le Cumann Gaelach ITBÁC. Tá Cumann Gaelach na hInstitiúide ag súil go mbeidh os cionn 100 mac léinn ó fud na tíre ag freastal ar an imeacht agus leanfar leis an dtraenáil ar an Satharn in Oifigí Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair.  

Tugann an traenáil seo deis iontach do bhaill na gCumainn Ghaelacha saineolas a fháil ar fheidhmeanna agus gníomhartha an Chumainn chomh maith le haithne a chur ar bhaill na gCumann Gaelach ó fud na tíre agus saineolas agus taithí a roinnt lena chéile. Beidh An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus Feidhlim Seoighe, Leas-Uachtarán na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn i measc na gcainteoirí ag glacadh páirte san imeacht traenála agus tá gach eolas le fáil ag https://www.facebook.com/events/437057509733175/

Back to Top

 
  • Mic Léinn Ionchais
  • Mic Léinn Idirnáisiúnta
  • Mic Léinn Nua
  • Mic Léinn Reatha
  • Baill Foirne
  • Alumni
  • Gnó & Fiontraithe
  • Bronntóir
  • Na Meáin

  • Bí i dteagmháil le hITBÁC

    Baile/Teagmháil /Léarscáil Láithreáin /A-Z /Cabhair /Ráiteas Fianáin & Príobháideachais/

    Member of the European University Association
    © 1998 - 2017 Dublin Institute of Technology

    -->