BÍ PÁIRTEACH i SEACHTAIN NA GAEILGE 2014 IN ITBÁC

homepageSeachtainNaGaeilge

Cuirfear tús le himeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014 in ITBÁC le Ceolchoirm am lóin in Amharclann Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta, Ráth Maonais ar Dé Céadaoin 26 Feabhra ón 1-2i.n le scoth an cheoil ó cheoltóirí agus amhránaithe Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta.

Beidh togha an cheoil traidisiúnta, clasaiceach agus snagcheol le cloisteáil ó Ensemble Ceoil  Traidisiúnta ITBÁC, Kevin Corcoran agus Robbie Ó Cearbhaill ag seinm ar an bpianó agus ag canadh

beidh Bríd Ní Ghruagáin, Aoife Gibney agus Rory Dunne. Tá saorchéad isteach chuig an cheolchoirm agus beidh greim bia le fáil ina dhiaidh. Tá fearadh na fáilte roimh chách

I measc na himeachtaí eile a bheas ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge 2014 in ITBÁC, beidh Lón Sheachtain na Gaeilge ar siúl sa Bhialann Ghlas, Sráid Chathail Brugha ar an Luan, 3 Márta 2014 ón 12.30i.n; Traenáil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in ITBÁC Shráid an Mhóta ar Déardaoin 13 Márta ón 9.30-11.30r.n; Maidineacha Caife ar siúl in ionaid éagsúla de chuid na hInstitiúide ón Luan 10 Márta – Déardaoin 13 Márta; beidh ceardlann ceoil ar siúl agus cuirfear críoch le himeachtaí na féile le Céilí Mór i Lafayettes ar Shráid Westmoreland ar Déardaoin 13 Márta.

Tá tuilleadh eolais ar Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2014 in ITBÁC le fáil anseo agus bíonn Ranganna Gaeilge, Scéim Chónaithe Ghaeilge na Mac Léinn, Scoláireachtaí Gaeltachta agus Imeachtaí Sóisialta agus Cultúrtha rialta á n-eagrú ag Oifig na Gaeilge chomh maith le seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil don Institiúid agus Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla ITBÁC a éascú.

Bí i dteagmháil le Siobhán Nic Gaoithín ag 01 4027043 / gaeilge@dit.ie / www.dit.ie/gaeilge

Back to Top