Ensemble Ceoil Traidisiúnta ITBÁC ag seinm ag chéad cheolchoirm TradFest Bharra an Teampaill na bliana seo!

homepageTradMusic

Dáta:                Dé Céadaoin 22 Eanáir 2014

Ionad:              Halla na Cathrach

Am:                  1i.n

Ticéid:              10 Euro

Tá gliondar ar Ensemble Ceoil Traidisiúnta ITBÁC a bheith ag seinm ag chéad cheolchoirm fhéile TradFest Bharra an Teampaill na bliana seo. Tá mic léinn lánaimseartha na cúrsaí ceoil traidisiúnta céime agus iarchéime in Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath páirteach san Ensemble Ceoil Traidisiúnta faoi stiúir Odhrán Ó Casaide agus Tom Doorley. Tá Ensemble Ceoil Traidisiúnta ITBÁC bunaithe ar mhúnla ceannródaíoch Sheáin Uí Riada agus Ceoltóirí Cualainn agus bíonn meascan de cheol uirlise agus gutha le cloisteáil ón ghrúpa. Ach tá á stíl agus fuaim uathúil féin cruthaithe ag an Ensemble agus iad faoi thionchar ag an saibhreas ceoil agus traidisiúin mórthimpeall orthu. Tá an-rath ar an Ensemble as scoth na gceoltóirí traidisiúnta óga ó fud na tíre atá páirteach sa ghrúpa. Déantar cothú agus forbairt ar an tallann óg seo i modh dúshlánach agus nuálach agus tá toradh na hoibre le feiceáil sna sár-léirithe agus taifid cheoil atá déanta ag an ghrúpa go dtí seo. Tá na léirithe atá déanta ag an Ensemble ar Céilí House, RTÉ Raidió 1 agus na turais go Louvain na Beilge agus Savannah, Georgia na Stáit Aontaithe i measc buaicphointí an ghrúpa le déanaí agus tá dhá albam rathúil taifeadta acu Simple Philosophers agus Flow my Tears i dteannta le Ensemble Luathcheoil ITBÁC.

Back to Top

 
  • Mic Léinn Ionchais
  • Mic Léinn Idirnáisiúnta
  • Mic Léinn Nua
  • Mic Léinn Reatha
  • Baill Foirne
  • Alumni
  • Gnó & Fiontraithe
  • Bronntóir
  • Na Meáin

  • Bí i dteagmháil le hITBÁC

    Baile/Teagmháil /Léarscáil Láithreáin /A-Z /Cabhair /Ráiteas Fianáin & Príobháideachais/

    Member of the European University Association
    © 1998, Dublin Institute of Technology

    -->