Lá Oscailte ag Scoil na Bainistíochta Fáilteachais agus na Turasóireachta ar Dé Céadaoin 9 Aibreáin 2014

 Lá Oscailte 9 Aibreáin 2014

31 Márta 2014: Beidh Lá Oscailte ag Scoil na Bainistíochta Fáilteachais agus na Turasóireachta atá lonnaithe ar Shráid Chathail Brugha ar Dé Céadaoin 9 Aibreáin. Tá an Lá Oscailte á eagrú do mhic léinn ar spéis leo freastal ar chláir acadúla san earnáil agus tá liosta de na cláir fhóchéime go léir le fáil anseo. Beidh an Lá Oscailte ar siúl ón 3.30i.n – 6i.n agus beidh seisiún faisnéise faoi gach ceann de na cláir atá ar fáil ar siúl gach leath uair an chloig.

Lena chois sin, beidh deis ag cuairteoirí:

  • Casadh le mic léinn a bheas in aon rang leo an bhliain seo chugainn
  • Casadh le mic léinn atá ag déanamh staidéir ar na cláir cheana féin
  • Áiseanna an Choláiste a fheiceáil ar nós léachtlanna agus ríomhlanna
  • Roghanna staidéir a phlé le léachtóirí agus teagascóirí

Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an Lá Oscailte le fáil anseo

Back to Top

 
  • Mic Léinn Ionchais
  • Mic Léinn Idirnáisiúnta
  • Mic Léinn Nua
  • Mic Léinn Reatha
  • Baill Foirne
  • Alumni
  • Gnó & Fiontraithe
  • Bronntóir
  • Na Meáin

  • Bí i dteagmháil le hITBÁC

    Baile/Teagmháil /Léarscáil Láithreáin /A-Z /Cabhair /Ráiteas Fianáin & Príobháideachais/

    Member of the European University Association
    © 1998, Dublin Institute of Technology

    -->