SCÉIM CHÓNAITHE GHAEILGE ITBÁC

homepageSceimChonaithe

Tá Scéim Chónaithe Ghaeilge á eagrú ag Oifig na Gaeilge, ITBÁC chun pobal Gaeilge na hInstitiúide a láidriú agus a chothú agus chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol mhac léinn na hInstitiúide.

Cuirfear scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn le Gaeilge chun árasán a roinnt lena chéile trí mheán na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath i rith na bliana acadúla.

Beidh an Ghaeilge mar theanga labhartha an tí agus beidh ar na mic léinn a bheith gníomhach in eagrú imeachtaí Gaeilge agus spreagadh na Gaeilge i measc mhac léinn na hInstitiúide.

Beidh na gnáthrátaí cíosa le híoc don árasán ach bronnfar scoláireachtaí ar mhic léinn a chomhlíonann riachtanais na scéime a chlúdoidh céatadán den chostas cíosa.

Fáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn ag staidéar ar aon chlár in ITBÁC agus ó mhic léinn a bheas ag freastal den chéad uair ar an Institiúid i mí Mheán Fómhair 2014.

Tá gach eolas agus an fhoirm iarratais do Scéim Chónaithe 2014/15 le fáil anois ag an nasc seo:

http://dit.ie/oifignagaeilge/sceimchonaitheghaeilge/

Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh amach agus a sheoladh ar ais chuig Oifig na Gaeilge roimh Dé hAoine 2 Bealtaine 2014 agus dul faoi agallamh. Roghnófar rannpháirtithe 2014/15 i mí Lúnasa 2014.

Back to Top