This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Jacobs1916.com: Seolann Seirbhís Leabharlainne ITBÁC taispeántas ar líne

Posted: 13 Eanáir, 2016

Bhí Monarcha Jacob mar cheann de na suíomhanna ba thábhachtaí le linn Éirí Amach na Cásca 1916, agus is ann anois atá ITBÁC Sráid Aungier lonnaithe.

Tá Seirbhís Leabharlainne ITBÁC tar éis taispeántas ar líne tarraingteach a sheoladh, ag tógáil inspioráide ó “The Ballad of James Larkin” le Donagh McDonagh, a bhfuil sé mar aidhm ag an taispeántas scéal na n-oibritheoirí sa mhonarcha a léiriú le linn Fhrithdhúnadh 1913, chomh maith le gníomhaíochtaí na reibiliúnach ann i 1916. Leagtar béim ar scéalta an cheathrar ceannairí a bhí sa mhonarcha don éirí amach le linn Sheachtain na Cásca -  Máire Nic ShiubhlaighThomas Mac DonaghJohn McBride agus Michael O’Hanrahan – agus tá clos-agallaimh agus ábhar léitheoireachta le fáil sa taispeántas.

Tugann an taispeántas léargas ar roinnt den stair shóisialta agus stair thionsclaíoch a bhain leis an tréimhse seo agus é ag athchuimhneach stair Mhonarcha Jacob. Rianaítear stair teaghlaigh faoi leith a bhí mar cheann de na teaghlaigh sa cheantar a bhí baint aige le Monarcha Jacob ar feadh roinnt mhaith glúnta. D’oibrigh baill den teaghlach Kernan arbh as Sráid Chaoimhín dóibh i Monarcha Jacob ar feadh breis is céad bliain, ó lár na 1800aidí go dtí lár na 1900aidí – ba é Patrick Kernan an t-aon eisceacht, fear a rugadh sa bhliain 1918 agus a bhí mar tháilliúir i gCeardscoileanna Bhaile Átha Cliath – áit a bhí le bheith mar chuid d’ITBÁC ní ba dhéanaí!

Ceadaíonn amlíne amhairc cruthaithe ag Fiachra Mangan i Seirbhís Leabharlainne ITBÁC don úsáideoir súil a chaitheamh ar gach deich mbliana ó 1850 go dtí 1920 – ní gá ach an t-ábhar a scrollú agus is féidir forbairtí suntasacha in éabhlóid Mhonarcha Jacob a chliceáil le tuilleadh eolais a fháil fúthu .i. ceannachán inneall gaile cumhachta sa bhliain 1862 leis an táirgeadh a fheabhsú; an chéad chraicear a bácáladh sa bhliain 1885; frithdhúnadh 1913; Éirí Amach 1916 agus atosú cúrsaí táirgthe sa mhonarcha i ndiaidh don Chéad Chogadh Domhanda críochnú.

Tá fáil ar an taispeántas anseo.