This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Freastalaíonn Uachtarán Ó hUiginn ar an gcéad taibhiú de Mharbhna 1916

Posted: 1 Feabhra, 2016

Bhí Uachtarán na hÉireann, an tUasal Micheál D. Ó hUiginn, Bean Uí Uiginn agus Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh mar aíonna oinigh inné ag an gcéad taibhiú de Mharbhna 1916 – Éagnairc arna cumadh ag Odhrán Ó Casaide, léachtóir in Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta, ITBÁC.

Uachtarán na hÉireann, an tUasal Micheál D. Ó hUiginn, agus Bean Uí Uiginn  le cumadóir Marbhna 1916,  Odhrán Ó Casaide agus a mháthairsean Nóirín, bean a rugadh sa bhliain 1916.

Bhí aoi eile thar a bheith tábhachtach ag an ócáid, sé sin máthair an chumadóra, Nóirín Bean Uí Chasaide, bean a rugadh sa bhliain 1916 agus a bhuail le hUachtarán Ó hUiginn agus le Bean Uí Uiginn i ndiaidh an taibhithe.

Léirigh seasca ceoltóir agus amhránaí, lenár áiríodh mic léinn reatha, céimithe agus baill fhoireann na hArdscoile Ceoil, an saothar den chéad uair i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath mar chuid de Tradfest16. Bhí baill den chór taidhleoireachta agus de na breithiúna, ceoltóirí eile agus cairde leis an Ardscoil Cheoil i measc an luchta éisteachta. Bhí an craoltóir Joe Duffy, a bhfuil an leabhar atá aige féin ‘Children of the Rising’ anois mar leabhar sárdhíola i láthair chomh maith.

Léireofar an chéad taibhiú poiblí eile de Marbhna 1916 ar an 4 Márta i Séipéal Choill na Feá, Raghnallach, arna urrú ag Ambasáid Cheanada.