This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Ag Déanamh Machnaimh ar an Éirí Amach ag ITBÁC – Luan na Cásca 2016

Posted: 15 Márta, 2016

Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ag comhoibriú le RTÉ ar an tionscnamh céanna, ‘Reflecting the Rising’, nó ‘Ag Déanamh Machnaimh ar an Éirí Amach’, agus is í an sprioc atá acu ná clár de léachtaí, léirithe agus taispeántais spéisiúla a chur ar siúl inár gcampas i Sráid Aungier, an suíomh ina raibh Monarcha Jacob, ar an 28 Márta 2016 – Luan na Cásca. Labhróidh raon leathan cainteoirí i sraith léachtáí lena n-áireofar iriseoirí, staraithe agus tráchtairí – cainteoirí a mbeidh a bpeirspictíochtaí éagsúla acu ar an Éirí Amach.

Is é an léiriú a dhéanfar ar Marbhna 1916 – Éagnairc, arna chumadh ag Odhrán Ó Casaide, ceann de himeachtaí is suntasaí a bheidh ar siúl ar Luan na Cásca.

Tá na himeachtaí uilig saor in aisce ach caithfidh tú ticéid a chur in áirithe – chun liosta iomlán de na himeachtaí uilig a bheidh ar siúl i Sráid Aungier, tabhair cuairt ar an suíomh seo.

Beidh searmanas fleascleagain sollúnta ag tarlú chomh maith taobh amuigh d’fhoirgneamh ITBÁC ar Shráid an Easpaig ag 12.45pm. Ní gá ticéid a chur in áirithe don ócáid seo.