This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Ceolchoirm ‘Scéalta na Samhna’ le Ensemble Ceoil Traidisiúnta ITBÁC, Dé hAoine 21 Deireadh Fómhair in Amharclann Gleeson, Sráid Chaoimhín.

Posted: 7 Deireadh Fómhair, 2016

Beidh Ensemble Ceoil Traidisiúnta ITBÁC ag ceiliúradh féile na Samhna agus an bhliain nua Cheilteach le togha an cheoil, na hamhránaíochta agus na scéalaíochta ina gceolchoirm bhliantúil ‘Scéalta na Samhna’ a bheas ar siúl Dé hAoine 21 Deireadh Fómhair ón 7.30i.n in Amharclann Gleeson, ITBÁC Shráid Chaoimhín.

Féile Cheilteach ba ea an tSamhain agus dhéantaí ceiliúradh ar dheireadh an tsamhraidh agus ar an fhómhar. Ba í Oíche Shamhna deireadh na bliana ag na Ceiltigh agus ba é Lá Samhna tús na bliana nua.

Tá os cionn 20 ceoltóir páirteach in Ensemble Ceoil Traidisiúnta ITBÁC. Tá an grúpa bunaithe ar mhúnla ceannródaíoch Sheáin Uí Riada agus Ceoltóirí Chualann agus bíonn meascan de cheol uirlise agus gutha le cloisteáil ón ghrúpa. Ach tá á stíl agus fuaim uathúil féin cruthaithe ag an Ensemble agus tá an-rath ar an Ensemble as scoth na gceoltóirí traidisiúnta óga ó fud na tíre atá páirteach sa ghrúpa.

Tá léirithe ar Céilí House, RTÉ Raidió 1; ag Féile Idirnáisiúnta Cheoil Chluichí Bhaile Átha Cliath; ceolchoirm oscailte fhéile TradFest Bharra an Teampaill; léirithe i gcomhar le hAcadamh na n-Ealaíon Taibhiúcháin Hong Cong, le hArdscoil Cheoil na Síne, le hAmbasáid na Síne, Ambasáid Mharacó agus Ambasáid na Cóiré in Éirinn chomh maith le craoladh beo raidió agus ar líne mar chuid den Lá Náisiúnta Ceoil le Ceolfhoireann RTÉ; léiriú teilifíse ón Láthair O2 i gcuideachta le Banna Máirseála Notre Dame, turais go Louvain na Beilge, chun na Róimhe agus go dtí Savannah, Georgia na Stáit Aontaithe, i measc buaicphointí an ghrúpa le déanaí.

Is iad na ceoltóirí agus cumadóirí iomráiteacha Odhrán Ó Casaide, Kieran Hanrahan agus Tom Doorley a bheas ag stiúradh na himeachtaí ar an oíche agus tá ceolchoirm saor in aisce den chéad scoth geallta don teaghlach go léir.

Tá saor chead isteach ach moltar duit ticéid a chur in áirithe le Eventbrite.ie agus tá na ticéid le fáil anseo