This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Bronntar Gradam Bhreandáin Uí Bheacháin ITBÁC ar Glen Hansard

Posted: 9 Samhain, 2016

Tháinig Glen Hansard, a bhfuil clú idirnáisiúnta air mar chumadóir amhrán, ceoltóir, aisteoir agus Baile Átha Cliathach, go ITBÁC Sráid Chaoimhín aréir chun glacadh le Gradam ITBÁC Bhreandáin Uí Bheacháin, a bronnadh air as ucht cion tairbhe den scoth i gcúrsaí ealaíne. Ba é seo an chéad uair a bronnadh Gradam Bhreandáin Uí Bheacháin.

Sheas an slua mór mac léinn agus comhghleacaithe ag tréaslú an ghradaim leis nuair a fógraíodh é.

Ag cur an aoi speisialta i láthair di, dúirt Tara Kelleher Uasal, Cathaoirleach Choiste na Mac Léinn ag Cumainn ITBÁC maidir leis na Meáin Chumarsáide agus an Ealaín “Nuair a chruthaíonn Éireannach go maith, cruthaíonn an náisiún go maith.  Rinne Breandán Ó Beacháin, as lár chathair Bhaile Átha Cliath, múnlú as an nua ar chúrsaí litríochta. Réitigh sé an bealach d'Éireannaigh chumasacha thar lear.  Maidir leis an té ar a mbronnfaí Gradam Bhreandáin Uí Bheacháin an tráth a bhfuil an gradam sin á bhunú, ní féidir sárú Glen Hansard a fháil, seoid i measc oirfidigh na hÉireann a thosaigh amach i mbun buscála ar Shráid Grafton agus a lean ar aghaidh gur bhain barr mullaigh amach, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Sa stiúideo, ar an stáitse agus ar scannán, is ábhar inspioráide saothar ealaíne Glen agus ar an 8 Samhain 2016, tá mic léinn ITBÁC ag tabhairt aitheantais dó sin nuair a bheidh sé ar an gcéad duine riamh ar bronnadh Gradam Bhreandáin Uí Bheacháin air.”

Mic léinn Chumainn ITBÁC a chuir Gradam ITBÁC Bhreandáin Uí Bheacháin ar bun faoi ainm an údair agus an drámadóra a d'fhreastail ITBÁC é féin i rith na 1930idí.  Labhair John O’Connor, Déan Choláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, faoi thús saoil Bhreandáin Uí Bheacháin, an tréimhse a chaith sé in ITBÁC san áireamh, ina aitheasc fáiltithe.  D'admhaigh sé gur dhíbir an Coláiste an mac léinn drogallach, ach go mb'fhéidir gurbh é leas na litríochta an socrú a rinneadh an uair sin!

Labhair an Dr Brian Gormley, Ceannasaí Shaol an Champais in ITBÁC faoi shaol Uí Bheacháin i mbun na litríochta.  Dúirt sé gur chúis áthais do mhuintir Uí Bheacháin gur ainmníodh an Gradam i gcuimhne ar an údar agus gur tháinig roinnt acu i láthair nuair a bhí an gradam á sheoladh níos luaithe sa bhliain. Dúirt Blanaid Walker, iníon Uí Bheacháin, gur dóigh leo gurb é seo an chéad ghradam a ainmníodh ina chuimhne agus gur breá lena mhuintir comóradh a bheith á dhéanamh air sa chomhthéacs seo.

Tar éis bhronnadh an Ghradaim, labhair Glen Hansard faoina mhuintir féin, faoin múinteoir a thug ugach dó leanúint leis an spéis a bhí aige sa cheol, agus faoi na blianta tosaigh i mbun buscála – ar Shráid Liam Theas ar dtús go dtí go raibh de mhisneach aige athrú amach ar Shráid Grafton.  Labhair sé faoin tóir atá ar The Frames agus faoin timpiste a d'fhág gur tugadh páirt dó sa scannán ‘Once’, rud a chuir cor eile ar fad ina shaol oibre.  Ag freagairt ceisteanna dó ó Bhean an Tí, Tara Kelleher, a bhí mar mhac léinn ar Scéim Cónaithe Gaeilge na hInstitiúide i rith 2013/14 agus ó dhaoine sa lucht féachana, labhair sé ar fhilíocht, ar chairdeas agus ar Bhaile Átha Cliath, agus rinne sé comórtas idir ré fileatachta shaol Uí Bheacháin agus an saolré a bhíonn le banna ceoil.

Chan an t-amhránaí Sibéal Ní Chasaide, le tionlacan pianó ó Dearbhla Collins, leagan álainn de ‘Bird of Sorrow’.  B'ábhar lúcháire é ag an lucht éisteachta nuair a léigh Hansard dán le Leonard Cohen, ‘How to speak Poetry’, ina dhiaidh sin sular thosaigh sé ag seinm an ghiotáir agus ag canadh.  Le hómós do Bhreandán Ó Beacháin, chuir sé an lucht féachana ar fad ag canadh in éineacht leis ar leagan ard crochta de ‘The Auld Triangle’ mar chlabhsúr leis an ócáid.