This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Dinnéar na Nollag DIT 2017

Posted: 29 November, 2017

Tá sé in am arís a chairde do cheiliúradh dheireadh na bliana le Dinnéar na Nollag DIT a bheidh ar siúl ag 6pm, Déardaoin, 7 Nollaig, i mBialann an tSeomra Ghlais DIT, Sráid Chathail Brugha. Baileofar airgead ar an oíche ar mhaithe leis an Capuchin Day Centre agus an sárobair a bhíonn ar siúl acu do dhaoine gan dídean sa mhórchathair.

Bígí i láthair a chairde ag ceiliúradh dheireadh na bliana Oifig na Gaeilge – Dinnéar na Nollag DIT. Beidh sé mar dheis iontach bualadh le mic léinn agus baill foirne a bhfuil fíorshuim acu in úsáid na Gaeilge agus beidh craic, ceol agus neart bia againn ar an oíche! Beidh an bia agus an tseirbhís á soláthar ag mic léinn agus baill foirne DIT ón Scoil Ealaíona Cócaireachta agus beidh ceol á sheinm ag an mac léinn DIT, Fionn Ó hAlmháin ó, Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta. Beidh an dinnéar ar siúl Déardaoin, 7 Nollaig, 6pm, i mBialann an tSeomra Ghlais DIT, Sráid Chathail Brugha. Baileofar airgead ar an oíche ar mhaithe leis an Capuchin Day Centre agus an sárobair a bhíonn ar siúl acu do dhaoine gan dídean sa mhórchathair. RSVP a luaithe agus is féidir toisc líon teoranta spásanna roimh an 4/12/2017 trí ríomhphost a sheoladh chuig gaeilge@dit.ie le d’áit a chinntiú. Nollaig Shona! 

 

Join us a chairde for Oifig na Gaeilge’s celebratory night marking the end of the year, Dinnéar na Nollag DIT. It will be a fantastic opportunity to meet with other staff and students who really enjoy using the Irish language and there will be lots of food, ceol agus craic on the night! Food and service will be provided by DIT students and staff from the School of Culinary Arts and music will be performed by DIT student Fionn Ó Almháin from the Conservatory of Music and Drama. The dinner will take place Thursday, the 7 December, 6pm the Greenroom Restaurant DIT, Cathal Brugha St. Money will be collected on the night in aid of the fantastic work that the Capuchin Day Centre do for the homeless in our city.  RSVP as soon as possible as places are limited by sending an email to gaeilge@dit.ie before 4/12/2017 to ensure a space. Nollaig Shona!